'Thart ar an Eoraip le Leabhar' – scealaíocht on Eoraip le Niall de Burca

Europe Direct
Event Information

Date: 3 Jul 2013
Time: 2:00 pm - 4:00 pm
Europe Direct Centre: Gaoth Dobhair Library
Location: Event Centre

Event Description

I Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, beidh an Ionad Eolais ‘Europe Direct’ úr a cheiliúradh leis an scéalaí cáiliúil, Niall de Burca. Beidh Niall ag seoladh Clár Léitheoireachta an tSamhraidh an bhliain seo le scéalta ón Eoraip.

Is é téama clár na bliana seo ná, ‘Thart ar an Eoraip le leabhar’, agus mar sin de beidh na páistí ag fáil Pas Eorpach s’acu féin i ndiaidh clárú. Tá eolas faoi na tíortha san Eoraip in achan leathanach den phas. Cuirtear stamp ar an phas achan am a thugann tú leabhair amach as an bailiúchán úr den Clár Léitheoireachta an tSamhraidh. Ansin, cuireann tú brat na tíre sin ar léarscáil na hEorpa. Ag deireadh an tSamhraidh beidh cuairt tugtha ar achan tír san Aontas Eoraip agus a lán leabharthaí léite! Fosta gheobhaidh siad teastas agus ‘goody bag’ i ndiaidh a dturas.

Na déan dearmaid teacht isteach fá choinne scéalta ‘cool’ ón Eoraip, do phas a fháil agus tús a chuir le do thuras!